Skip to main content

Please login to your account

Book Courses, Print your CPD Certificates and Manage your profile.

Béaltriail na hArdteistiméireachta - Gaeilge Ardleibhéal & Gnáthleibhéal

 
Béaltriail na hArdteistiméireachta - Gaeilge Ardleibhéal & Gnáthleibhéal

Béaltriail na hArdteistiméireachta - Gaeilge Ardleibhéal & Gnáthleibhéal

 

 

 

Blurb:
Tá an cheardlann seo dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge iar-bhunscoile atá ag iarraidh cur chuige
soiléir agus eagraithe a fhorbairt chun tacú lena gcuid daltaí i mbéaltriail na
hArdteistiméireachta.
Pléifear:
 Leagan amach an scrúdú agus an córas marcála
 Conas an grád is airde a bhaint amach
 Modhanna éifeachtacha ullmhúcháin
 Straitéisí chun muinín agus líofacht na ndaltaí a chothú
 Ábhar samplach agus acmhainní praiticiúla le húsáid sa seomra ranga
Is deis luachmhar í seo do mhúinteoirí smaointe nua a bhailiú agus tacaíocht ghairmiúil a
fháil agus iad ag ullmhú a ndaltaí don bhéaltriail.
Faoi dheireadh na ceardlainne beidh rannpháirtithe in ann:
 Tacú le forbairt scileanna cumarsáide na ndaltaí, i gcomhréir leis na cuspóirí teanga sa
churaclam.
 Míniú a thabhairt ar an gcóras marcála agus aiseolas éifeachtach a chur ar fáil.
 Straitéisí teagaisc a chur i bhfeidhm chun líofacht agus muinín na ndaltaí sa Ghaeilge
labhartha a fheabhsú.
Cainteoir:
Siobhán Ní Mhurchú
Is múinteoir iar-bhunscoile Gaeilge í Siobhán Ní Mhurchú a bhfuil blianta fada taithí aici sa
seomra ranga. Tá sí thar a bheith oilte ar ranganna scrúdaithe a ullmhú don Teastas
Sóisearach agus don Ardteistiméireacht, ag tacú le scoláirí na torthaí is fearr agus is féidir a
bhaint amach. D’oibrigh sí freisin le Gael Linn ar an scéim ‘Gaelbhratach’ ar feadh dhá
bhliain, áit ar chuir sí go mór le tacaíocht agus le forbairt ghairmiúil múinteoirí Gaeilge ar fud
na tíre. Chomh maith leis sin, tá taithí aici ag obair le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar
scrúdaitheoir béil don Ardteistiméireacht agus ag measúnú scrúduithe stáit scríofa.

Course Details

Course Start Date / Time 10-02-2026 5:00 pm
Course End Date / Time 10-02-2026 6:00 pm
Capacity Unlimited
Fee Free
Select Hours 1
Location Online Course
Create Account then Login to book

Seimineáir Ghréasáin ITOÉ | ESCI Webinars