Choose Safety


Choose Safety Course Structure:
Before downloading Choose Safety resources, please register your school/FE centre’s details and your local Choose Safety coordinator will make contact. They can provide you with hard copies of the resources free of charge and further information on awarding certificates and/or digital badges.
Please click here to access Choose Safety Website
________________
In ainneoin gur dearadh an cúrsa le cur ar chumas múinteoirí dul díreach chuig na rannáin sin is mó atá ábhartha do ghrúpaí ranga ar leith, tá gné forbraíochta i gceist le hord na gceachtanna atá curtha i láthair. In Aonad 1 go hAonad 4, dírítear ar ghníomhaíochtaí oibre ar cosúil go mbeidh siad ar siúl ag daoine óga. Is aonaid phraiticiúla agus ábhartha iad sin, agus ar an ábhar sin tá siad bunaithe ar eolas agus ar thuiscint go príomha.
Is mó a dhírítear ar fheidhmiú, ar anailís agus ar mheasúnú in Aonad 5 agus in Aonad 6. Ar an ábhar sin, tá dúshlán níos mó sa leabhar saothair de réir mar a théann na haonaid ar aghaidh. Is fiú iarracht a dhéanamh cloí le hord ginearálta na ngníomhaíochtaí mar atá curtha i láthair sa téacs. Nuair a bhíonn an t-am gann, ba cheart do mhúinteoirí léim thar ghníomhaíochtaí ar leith seachas aonaid iomlána.
In Aonaid 1-4, dírítear ar dhaoine óga ag obair agus ar na príomhphrionsabail a bhaineann le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta agus le cosc timpistí. Is iad seo a leanas na príomhfhocail: GUAIS, RIOSCA, RIALÚ. I ngach aonad, dírítear ar cheann amháin de na prionsabail sin laistigh de chás ar leith.
• In Aonad 1, dírítear ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta ginearálta do dhaoine óga san ionad oibre agus ar na freagrachtaí éagsúla a bhíonn ar dhaoine aonair.
• In Aonad 2, cuirtear i láthair coincheap na guaise agus riosca agus próiseas an mheasúnaithe riosca. Dírítear ar na príomhghuaiseacha a théann i bhfeidhm ar oibrithe óga lena n-áirítear láimhsiú agus eirgeanamaíocht, sciorrthaí, tuislí agus titimí, dóiteán agus garchabhair.
• In Aonad 3, féachtar ar rialuithe éifeachtacha i gcomhthéacs bhainistiú na hoibre ar airde, innealra agus trealaimh, fheithiclí an ionaid oibre, agus ceimiceán. Féachtar freisin ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta in dá earnáil thábhachtacha oibre: cúrsaí feirmeoireachta agus cúrsaí fáilteachais.
• In Aonad 4, pléitear róil shainiúla an oifigigh sábháilteachta agus an ionadaí sábháilteachta agus spreagtar daltaí chun machnamh a dhéanamh ar thimpeallachtaí sláintiúla oibre agus ar shláinte agus ar fholláine phearsanta.
• In Aonad 5 agus in Aonad 6, cuirtear dúshlán faoi dhaltaí machnamh agus plé a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí prionsabail na sláinte agus na sábháilteachta a chur i bhfeidhm ar chleachtais oibre sa saol mar atá. Spreagtar plé agus fiosrú sa chuid seo den leabhar. Dírítear freisin ar an duine agus ar chosc timpistí.
• In Aonad 6, cuirtear an clár Choose Safety i gcrích trí fhéachaint ar chás-staidéir ón saol mar atá. San aonad seo, caitear súil arís ar na saincheisteanna a tháinig chun cinn roimhe sin sa chúrsa.
DÁMHACHTAINÍ CHOOSE SAFETY
Is féidir Deimhniú Críochnúcháin a bhronnadh ar gach dalta nó mac léinn a n-éiríonn leis/léi an clár Choose Safety a chríochnú go rathúil mar aitheantas ar an tuiscint mhéadaithe ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta ag an obair atá bainte amach aige/aici.
Féadfar Deimhniú le Gradam a bhronnadh ar dhaltaí nó ar mhic léinn a n-éiríonn leo an mórthasc roghnach atá leagtha amach in Aonad 6 a chur i gcrích go rathúil. Is iad múinteoirí a cheartóidh an mórthasc agus is iad a chinnfidh an leibhéal dámhachtana le haghaidh gach dalta nó mic léinn. Féach ‘Measúnú, Deimhniúchán agus Suaitheantais Dhigiteacha a Bhronnadh’ ar leathanach 4 chun faisnéis bhreise ar Dheimhnithe a fháil.
Is féidir Suaitheantais Dhigiteacha a bhronnadh freisin ar dhaltaí agus ar mhic léinn a ghlacann páirt in Choose Safety agus ar chur i gcrích na n-aonad agus na measúnuithe ar leith. (Féach ‘Suaitheantais Dhigiteacha – Córas Dámhachtainí Roghnacha’ ar leathanach 4 chun faisnéise bhreise ar shuaitheantais dhigiteacha a fháil.)
Cuimsítear os cionn 70 cleachtadh agus gníomhaíocht in Choose Safety. Ní gá gach aon ghníomhaíocht i ngach aonad a chríochnú. Is mó tairbhe a bhainfidh an dalta as triail a bhaint as gníomhaíochtaí i ngach aonad ná díriú go simplí ar an gcéad leath den leabhar.
Choose Safety Teacher Information in Irish